Gaeilge

CLG Baile na mBocht

Tá Cumann Peile agus Iománaíochta Baile na mBocht lonnaithe i mBaile na mBocht i gCathair Chorcaí. Tá foirne peile, iománaíochta agus Peil na mBan sa chlub. Glacann an club páirt i gcomórtas CLG Chorcaí agus i gcomórtais na Roinne Seandúin. Imríonn  an club i Roinn Idirmheánach sa pheil agus Sóisear ‘A’ san iomáint. Tá foirne á chomlíonadh in san acadamh, Roinn Óg suas go foirne do dhaoine fásta. Tá na páirceanna imeartha lonnaithe i Luaiteach Beag agus tá an clubtheach ar Bhóthar Chiarraí.

Bunú an Chlub

Bunaíodh CLG Baile na mBocht in 1893 le Micheal Fleming ag feidhmniú mar rúnaí. Ghlac an club páirt i gcomórtais mionúir agus sóisear in san chéad cúpla blian agus bhí cúpla bua iontach acu i roinnt feiseanna agus comórtais go rabhadar páirteach ann. Bhain an club trial as comhaontais le clubanna áitiúla , na Briain Diolúnaigh agus na Sairséalaigh i 1903 chun club sinsear a bhunú. Faraor, i ndiaidh argóintí agus easaontas idir bhaill na gclub, críochnaigh an trial agus chuaigh na clubanna thar nais ag imirt dá gceantair féin.

Cuireadh moill ar dhul chun cinn an chlub i ndiaidh an Chéad Chogadh Domahanda, mar aon le an-chuid clubanna ar fud na tíre toisc go rabhadar á chiapadh ag Fórsaí na Breataine agus an dlí á chur orthu. Baineadh trial as comhaontú eile i 1922. Dhiúltaigh Baile na mBocht páirt a ghlacadh áfach toisc an trial a theip i 1903.

1920-1960

Chleamhnaigh Baile na mBocht le Roinn na Cathrach sna fichidí agus bhí deich mbliana iontach acu, ach go háirithe nuair a bhuadar craobhchomórtas sóisear san iomáint i 1935. Bhuaigh an club an comórtas seo faoi dhó sa chéad trí blian eile. Tháinig clú agus cáil ar ar an gcraobhchomórtas idir an chlub agus Baile na Marta i 1935 toisc gur imríodh an craobh ceithre uair gan chríoch. Chinnigh Bord an Chontae nach mbronnfar aon bhonn agus cuireadh an dá fhoireann ar fionraí. Taréis na buanna sna tríochaidí d’éirigh alán imreoirí as an iomáint agus b’fhada go dtí go raibh bua ag Baile na mBocht arís. Chuir Baile na mBocht foireann peile i graobhchomórtas agus an léig don chéad uair i 1954. Níorbh fhada go dtí go raibh bua acu agus i 1959 bhuaigh na peileadóirí Craobhchomórtas na Cathrach in aghaidh Naomh Niocláis.

I 1962 bhog an club an clubtheach go Bóthar Chiarraí áit atá an chlub lonnaithe fós. Bhí bua ag an gclub i 1967 in san iomáint i Roinn na Cathrach sa Sóisear A i ndiaidh bhearna 23 blian. Bhí rath an structúir faoi aois le feiscint mar thosaigh roinnt mhaith de na himreoirí seo deich mbliana níos luaithe i Léig na Sráide. Shroiseadar Craobh an Chontae i 1969 ach faraor níor éirigh leo in aghaidh foireann iontach ó Cheann Toirc i gcraobh den scoth.

Is le linn na seachtaidí a bhí an tréimhse is rathúla ag Baile na mBocht. Le linn an tréimhse seo idir pheil agus iomáint bhuaigh an club ocht gcraobh déag, an craobh ba thábhachtaí ar an 5ú lá de mhí na Samhna nuair a bhuaigh an club Craobh an Chontae san iomáint.  Bhí an bua seo in aghaidh foireann iontach ó Charragtuathail  agus is é fós an t-aon bua ag foireann sinsir i gCraobh Chontae. Faraor níor lean an bua seo le tréimhse ráthúil agus bhí tréimshe gan rath sa chlub le linn na hochtóidí.

Bhí athbheochan sa chlub le linn na nóchaidí. Deineadh athstructúrú ar an roinn óg faoi cheannasaíocht an chathaoirligh, Seán McCárthaigh in san roinn óg agus bhí tréimhse ráthúil eile nuair a bhuaigh an club Craobh Mionúir A sa pheil agus iomáint i 1994, 1995 agus 1996. Bhuaigh an club an pheil i Roinn Sóisear A i 1997 chomh maith le bua san iomáint i Sóisear A i 1999. Faoi stiúr Cathaoirligh an Chlub John Brennan bhí forbairt mhóir in áiseanna an Chlub. Déanadh uasghrádú ar na páirceanna a bhí i Luaiteach Bheag anuas ar dhá pháirc imeartha nua trasna an bhóthair. I mí Eanáir 2002, tógadh áitreabh nua i Luaiteach Bheag le giomnáisiam nua-aimseartha, halla ilchuspórach, seastán féachana do 400 duine ar an bpríomh páirc agus seomraí gléasta nua. Cuirtear an t-ionad seo ar fáil don phobail uile agus is é ceann de na hionad spóirt is fearr sa chontae. I mí Eanáir 2004, d’aithin Bord an Chontae taispeántaisí ráthúla an chlub agus deineadh athghrádú ar an gclub suas go leibhéal Príomhroinn Idirmheánach sa pheil.

Caitheadh súil ar an gclub i 2008 nuair a ainmníodh an club chun páirt a ghlacadh i sraith teilifíse ‘Celebrity Bainisteoir’ ar RTÉ. Cuireadh daoine cáiliúla i gceannas ar fhoirne peile éagsúla agus d’imir na foirne seo in aghaidh a chéile. Ba é an dlíodóir cáiliúil Gerald Keane a bhí i gceannas ar Bhaile na mBoacht. Thug an clár an deis an chlub a thaispeáint i slí dearfach  le háiseanna an chlub le feiscint do chách. Anuas ar seo thug sé deis do na himreoirí iad féin a mheas in aghaidh foirne ó chontaetha eile. Bhuaigh an club ar Chromhghlinn ó Bhaile Átha Cliath agus Coillte Mach ó Mhaigh Eó in ár dtaillte féin. Faraor, chaill an club sa chraobh in aghaidh Maryland ón Iarmhí.

Le cúpla blian anuas bhí thuas seal, thíos seal ag an gclub. I 2012 deineadh íslú céime ar an bhfoireann peile síos go Roinn Idirmheánach. Ba mhó an trua é seo toisc gur éirigh go maith leis an bhfoireann sa chúpla blian roimhe sin agus bhuadar Corn Thomáis Uí Chréid sa bhlian chéanna. Bhuaigh na hiománaithe Roinn Sóisear ‘A’ i 2010 agus 2011 in aghaidh foireann áitiúil na Briain Diolúnaigh. I 2011 shroiseadar craobh an Chontae chomh maith ach chailleadar in aghaidh Rath Loirc i ndiaidh athimirt.

Thosaigh athfhorbairt eile i Luaiteach Bheag i 2014. Díoladh an pháirc bheag gar don phríomh pháirc agus úsáideadh an t-airgead chun athfhorbairt a dhéanamh ar na páirceanna trasna an bhóthair le páirc ghainnimh-bhunaithe. Féachann an todhcaí go maith nuair a smaoinítear ar an rath faoi aois le deich mbliana anuas. Ghlac an club páirt i bhFéile na nGael agus bhí bua Fé14 i 2004 agus Fé 16 i 2006. I 2015 bhronnadh Cátagóir Airgid ar an gclub a aithníonn caighdeán den scoth sa chóitseáil faoi aois.